Ráiteas Misin Dóchas

Is éard is Dóchas ann ná scátheagraíocht na nEagraíochtaí Neamhrialtasacha Éireannacha atá bainteach le forbairt agus fóirithint thar lear agus/nó le soláthar oideachas forbartha. Tá sé mar chuspóir ag Dóchas fóram a sholáthar do chomhairliúchán agus do chomhoibriú idir na Baill agus freisin chun cabhrú leo labhairt d’aon ghuth ar cheisteanna forbartha. Ní áisíneacht mhaoinithe Dóchas agus níl sé gafa i dtionscadail thar lear.
>> Léigh ár bPlean Straitéiseach

Bunluachanna

Is gréasán é Dóchas d’eagraíochtaí neamhspleácha agus éagsúla. Is san éagsúlacht taithí agus dearcaidh seo atá neart an ghréasán, atá tógtha ar na prionsabail dhaonlathacha chomhionannais agus trédhearcachta. Is iad na baill a chinneann tosaíochtaí Dóchas.
>> Cliceáil anseo le haghaidh eolas breise faoinár mbaill

Is éard is Dóchas ann ná comhlachas na nEagraíochtaí Neamhrialtasacha Éireannacha. Soláthraíonn Dóchas fóram do chomhairliúchán agus do chomhoibriú idir na baill agus cabhraíonn sé leo labhairt d’aon ghuth ar cheisteanna forbartha.

Bunaíodh Dóchas i mí Dheireadh Fómhair 1993, tar éis nascadh idir CONGOOD – a sheas do chomhleasanna na nEagraíochtaí Forbartha Neamhrialtasacha Éireannacha ó 1974, agus Tionól Náisiúnta na hÉireann – a cheangail bunáite na nEagraíochtaí Forbartha Neamhrialtasacha Éireannacha isteach i ngréasán NGO an Aontais Eorpaigh.

Fís: Is í fís Dóchas ná cur, trí iarrachtaí comhoibritheacha ár mball, le forbairt dhaonna inbhuanaithe i ndomhan ina mbeidh daoine in ann leas a bhaint as a gcearta agus ina gcumasaítear iad chun a riachtanais a shásamh.

Mar ardán náisiúnta na nEagraíochtaí Forbartha Neamhrialtasacha Éireannacha, seasann Dóchas dá bhaill leis an Aontas Eorpach agus le Rialtas na hÉireann, ar cheisteanna ata tábhachtach don timpeallacht polasaí ina n-oibríonn siad. Cabhraíonn Dóchas le feabhsú caighdeáin agus tionchair obair na mball trí chomhoibriú a chur chun cinn ina measc.

Cuspóir: Tá sé de chuspóir ag Dóchas a bheith ina ghréasán suntasach, oscailte ag a bhfuil ballraíocht ghníomhach, eolach atá ionadaíoch den earnáil fhorbartha Éireannach, ag soláthar seirbhísí agus ag spreagadh gníomhaíocht éifeachtach d’fhonn forbairt inbhuanaithe a chur i gcrích.

Tel:
+353 1 405 3801
Fax:
+353 1 405 3802
Address:
12 Harcourt Street, Dublin 2, Ireland.
Copyright © Dóchas, 2006–2010

  • Dochas on Twitter Dochas on Facebook Dochas on YouTube Dochas on Flickr

Company Particulars: Dóchas – the Irish Association of Non-Governmental Development Organisations is a private company limited by guarantee and not having a share capital. It is registered in Dublin, Ireland, No: 94384. It has been granted tax exemption by the Revenue Commissioners in Ireland and has a charitable tax exemption number: CHY6410. Company Directors are those listed as Board members.